Leagan Béarla

Freastalaíonn an tSeirbhís Aistriúcháin ar riachtanais teanga Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Sa tSeirbhís Aistriúcháin, cuirtear seirbhís aistriúcháin agus sainchomhairle teanga ar fáil d'fhoireann na hOllscoile chun a chinntiú go gcomhlíonann an Ollscoil na dualgais reachtúla atá uirthi maidir leis an dátheangachas. Tá beirt aistritheoirí ag obair sa tSeirbhís Aistriúcháin.

Má theastaíonn ár seirbhísí uait, féach na treoracha seo:

  • Seol an comhad Word atá le haistriú nó le profáil agat ar ríomhphost chuig aistriuchan@oegaillimh.ie. Ní ghlacfar ach le cáipéis Word, fiú mura bhfuil i gceist ach cúpla focal/téarma.
  • Sa rphost céanna seol an fhoirm iarratais, líonta ina hiomláine. Tá cóip den fhoirm le fáil ag an nasc seo: Foirm na Seirbhíse Aistriúcháin.
  • Clárófar d’iarratas sa sceideal oibre ansin agus tabharfar uimhir thagartha ar leith dó.
  • Déanfaidh na haistritheoirí teagmháil leat má bhíonn deacracht ar bith ann. Bíonn beirt aistritheoirí ag plé le gach aistriúchán.
  • Seolfar an t-aistriúchán ar ais chugat a luaithe a bheidh sé aistrithe agus athléite.
    Is faoin té a rinne an t-iarratas formáidiú a dhéanamh ar an aistriúchán chun go mbeidh sé ag teacht leis an mbunleagan.

Coinníollacha


Seo a leanas an t-ord tosaíochta a bhaineann le hobair na Seirbhíse Aistriúcháin:

  1. Dualgais OÉ Gaillimh faoi Scéim Teanga OÉ Gaillimh
  2. Dualgais reachtúla OÉ Gaillimh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
  3. Dualgais reachtúla OÉ Gaillimh faoi Acht na nOllscoileanna 1997
  4. Aistriúcháin a thagann faoi réir pholasaí na hOllscoile maidir le campas eiseamláireach  dátheangach a chruthú.
  • Baineann castacht agus dua le haistriúchán ar chaighdeán ard; ba chóir, dá bhrí sin, dóthain ama a chur san áireamh le haghaidh an leagan Gaeilge a chur ar fáil.
  • Tabhair fógra a luaithe is féidir roimh ré má tá cáipéis phráinneach á hullmhú agat.
  • Ní féidir leis an tSeirbhís ábhar aistrithe ná profáilte a sholáthar an lá céanna.
  • Chun a bheith cinnte siúráilte de go bhfuair an tSeirbhís d’iarratas bain úsáid as an áis Request read receipt ar do ríomhphost.
  • Ba chóir tús áite a thabhairt don leagan Gaeilge in ábhar dátheangach a scaiptear ar an ríomhphost etc.
  • Tarlaíonn sé go minic go mbíonn an leagan Béarla léite ag daoine sula bhfeiceann siad go bhfuil sé aistrithe. Mura bhfuil Gaeilge ag duine leanfaidh siad ar aghaidh go dtí an leagan Béarla.
  • Ní chuirtear aistriúchán ar fáil ar ábhar atá seolta amach chuig an bhfoireann cheana féin i mBéarla amháin.
  • Is seirbhís phrofála amháin a chuireann an tSeirbhís Aistriúcháin ar fáil do na haonaid san Ollscoil atá ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Eolas Teagmhála

An tSeirbhís Aistriúcháin, 
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, 
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Co. na Gaillimhe. 
T :    +353 (0)91 49 4608
         +353 (0)91 49 4384
R:    aistriuchan@oegaillimh.ie