Forléargas ar an gCúrsa

Tá sé mar chuspóir ag an gcúrsa seo forbairt agus buanú a dhéanamh ar scileanna teanga na mac léinn a bhfuil eolas áirithe ar an nGaeilge acu. 

Iarratais agus roghnúchán

Foirm Iarratais

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ag úsáid an fhoirm seo: Foirm Iarratais ar líne 

Má thugann tú faoin gcúrsa seo déanfar thú a chlárú ar Chóras Clárúcháin na hOllscoile.

An Triail Socrúcháin Teanga (ar líne)

  • Caithfidh tú an Triail Socrúcháin Teanga (ar líne) a dhéanamh.
  • Cabhróidh an triail seo linn freastal ar riachtanais teanga an fhoghlaimeora trí thástáil a dhéanamh ar an leibhéal teanga atá aige/aici.
  • Beidh deis agat é a dhéanamh díreach tar éis duit iarratas a dhéanamh.
  • Ní ghlacfar le d'iarratas go dtí go bhfuil an Triail Socrúcháin Teanga déanta agat.
  • Cuideoidh an Triail seo linn tú a chur sa rang cuí.

Eolas faoi na teagascóirí

Riachtanais agus measúnú

  • An Scrúdú Cainte: Déanfar tástáil ar chumas labhartha Gaeilge na n-iarrthóirí trí scrúdú cainte sa chéad agus sa dara bliain.
  • An Scrúdú Scríofa: Ní mór d’iarrthóirí na scrúdaitheoirí a shásamh go bhfuil ar a gcumas scríobh go cruinn sa Ghaeilge. Seasfaidh gach mac léinn scrúdú ag deireadh gach bliana.
  • Measúnuithe Leanúnacha: I rith gach bliana caithfidh iarrthóirí dhá mheasúnú a sheasamh.

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine ar spéis leo cur lena gcuid eolais ar an teanga.  Beidh an cúrsa seo oiriúnach (i) do dhaoine a bhfuil an Dioplóma A2 sa Ghaeilge bainte amach go sásúil acu nó (ii) do dhaoine a bhfuil buneolas acu ar an teanga cheana féin (de bharr a dtréimhse scolaíochta in Éirinn, mar shampla).  Ní mór do gach iarrthóir Triail Socrúcháin Teanga a sheasamh.


Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2023

Gráid A-leibhéil ()

Líon na mac léinn

20

Spriocdháta

Leibhéal NFQ

7

Modh staidéir

Meáchan ECTS

30

Dámhachtain

Cód CAO

Cód

Imlíne an chúrsa

  • Éisteacht agus Labhairt 1 & 2 (Bliain 1 agus 2).
  • Scríobh agus Léamh 1 & 2 (Bliain 1 agus 2).

Breisoideachas

 Is féidir le mac léinn leanúint leis an staidéar ar an Ghaeilge agus tabhairt faoi na leibhéil níos airde den Dioplóma: sin Dioplóma B2 & C1.

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Cuideoidh an cúrsa seo leat cur le do chuid scileanna teanga agus éascóidh sé cumarsáid trí Ghaeilge agus tuiscint ar an teanga labhartha agus scríofa.

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€990 in aghaidh na bliana.

Táillí: Teagasc

Táillí: Tobhach na mac léinn

Táillí: Neamh AE

Táille Alumni
€660 sa bhliain

Táille do na mic léinn lánaimseartha in Ollscoil na Gaillimhe
€250 sa bhliain

Seol ríomhphost chuig andioplomasaghaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí an chúrsa.

Tuilleadh eolais

Oifig an Dioplóma sa Ghaeilge
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh


Ríomhphost / Email: andioplomasaghaeilge@oegaillimh.ie


Cad a deir ár mic léinn

Dave

Dave Moore |   Dioplóma sa Ghaeilge

D’fhreastail mé ar an Dioplóma sa Ghaeilge (C1) mar mhac léinn lánfhásta. Bhí mé neirbhíseach sular thosaigh mé mar nach ndearna mé staidéar ar an nGaeilge sa scoil (is as Sasana dom) ach ní raibh gá dom aon imní a bheith orm. Fuair mé tacaíocht den scoth ó thús go deireadh ó fhoireann Áras na Gaeilge agus ó na mic léinn eile sa rang. Bhí atmaisféar breá dearfach ann agus bhí an staidéar féin i bhfad níos éasca mar gheall air seo. Chaith mé cúpla bliain an-sásúil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus mé ag déanamh staidéir ar an Dioplóma sa Ghaeilge. Thaitin sé go mór liom agus mholfainn go láidir é.